Cursai spóirt agus comhra di,
Úll brea gleoite do chuireas I mo phóca,
'S ni bhfuaras romham ach pratin sil.
Curfa
Ó mo thuirse mar shileann mo shuile,
Indiadh an ull ud a bhi bréa bui,
An óig-bhean uasal bhi t'reis é thabhairt domh,
'S do thabhairfinn punt ar é bhlaiseadh aris.
Do shiulais Cléire agus Carraig Aonair,
Cuanta Béara bhi romham sa tsli,
Puinte na nGréige 'gus na nDorsai Maola,
An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi.
Curfa
Do shiulais Cualach mar a bhios buartha
An pharoiste thuaidh a 's na hAdhrai,
San oilean Muarseadh d'inis dom buachaill
Nach bhfailghinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm.
Curfa
Do shiuilios Coibh agus Baile na Móna,
Cathair Tun Tóime 'gus Inis Seircin,
Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse,
Go rabh sé 'na sheo acu ar Sraid Néidin.
Curfa